Athbhliain

Leis an Athbhliain ar an mbealach, féachaimís ar cheannaireacht, toisc go gcreidim go dtosaíonn ceannaireacht ionainn féin, agus nach am iontach sa bhliain é seo chun aon athrú a dhéanamh atá in oiriúint dúinn? Deirimse libh, tá claochlú ag tarlúint mórthimpeall orainn ar aon nós – níl aon dul as! Ní gá dúinn ach breathnú ar ár bplainéad, ar theicneolaíocht, ar ghaolta polaitíochta agus ar an gcaoi a mhairimid. 

 

Anseo i dTír na Fiúise / @FuchsiaLane Farm, is féidir aistear nó turas pearsanta, nó leagan deas ón sean-Ghaeilge; ‘turus’ a thosnú. Le do scíth a ligint inár dtigíní saoire nó sa Scioból siamsúil, le siúlóidí feirme agus coille, ar ár rothair, ag snámh nó san sauna! Le fáilte mór romhat anseo, neartófar anam ‘is inchinn, agus líonfar an tobar chun gaolta láidre a chothú. Tús maith, leath na hoibre do 2025! Ansin is féidir #CeannaireachtChlaochlaitheach a chur i bhfeidhm leis na pobail ina bhfástar – ar scáth a chéile a mhairimid #LeChéileDáChéile